D’fhág Mánus an scoil ag 14 bliana d’aois. D’imigh sé go hAlbain am an chogaidh ag obair feirmeoireachta, scéim a bhí ann le oibrithe a chruinniú le feirmeoireacht a dhéanamh. Théadh siad ó fheirm go feirm dá réir mar a bhí obair le déanamh. D’oibir Manus le péire beithíoch agus ní raibh mórán eolais aige ar chuid mhór den obair fheirmeoireachta go dtí sin.
Nuair a bhí an cogadh thart thosaigh sé ar obair thógála.